Zusammenfassung der Ressource
Íomhánna: Géibheann
- Tá dhá phríomh-íomhá sa dán seo.
- Cuirtear an téama ós ár gcomhair go healaíonta agus go paiteanta.
- Sa chéad íomhá..
- Feicimid bród agus uaisleacht san
íomhá den ainmhí, agus é i
gceannas ar a chinniúint féin san
fhoraois ag tús an dáin.
- Tá na céad línte lán le
dhínit. Maíonn an t-ainmhí
faoina chuid áilleachta.
- Tá clú agus cáil aige mar
gheall ar an áilleacht seo.
- Déanann an file móradh agus
moladh ar ar alltacht an ainmhí - tá
áilleacht san alltacht.
- Nuair a bhí an t-ainmhí ina chónaí
sna teochreasa, bhí sé sláintiúil,
bríomhar, fuinniúil agus láidir.
- Bhí meas ag na hainmhithe eile
air. Bhí sé láidir agus cumhactach.
- Sa dara híomhá..
- Feicimid an t-ainmhí
céanna agus é i nGéibeann.
- Is ainmhí briste é. Tá sé
spíonta, sáraithe agus in ísle brí,
tá a chuid fuinnimh caillte aige.
- Cuireann an focal 'tráth' le trua an
phictiúir. Tá a spiorad ar fad briste.
- Cruthaíonn an file codarsnacht idir
saoirse agus leithne na foraoise,
agus daoirse agus cúinge an zú.
- Feicimid anois daoirse an leoin agus
éaspa cumhachta ina iompar.
- Tá sé ina phríosúnach sa zú,
timpeallaithe ag daoine agus barraí
iarainn, ag brath ar dhaoine eile, a dhínit
agus a shaoirse caillte go deo.