Erstellt von colinp.reilly
vor etwa 10 Jahre
|
||
Sraith a deich – Fadhbanna sóisialta ag cur isteach ar daoine óga
Pictiúr a haon
Feicimid buachaill agus cailín agus iad ag breathnú ar an teilifís.
Tá siad ag féachaint ar chlár chúrsaí reatha.
Tá siad in ísle brí mar go bhfuil an láithreoir ag caint faoi na fadhbanna sóisialta atá ag baint le daoine óga na saolta seo.
Go leor troiblóidí agus deacrachtaí ag daoine óga an lae inniú.
Sraith a deich – Fadhbanna sóisialta ag cur isteach ar daoine óga
Pictiúr a trí
Léargas ar an mbrú atá ar dhaoine óga mar gheall ar scrúduithe cosúil leis an Ardteist.
Feictear daltaí ag obair go dian dícheallach i scrúdú scoile.
Feicimid beirt daltaí i mbun comhrá faoi chóras na bpointí agus faoin mbrú atá ag baint leis.
Tá siad an-neirbhíseach faoin mbrú a chuireann scrúduithe agus córas na bpointí orthu.
Sraith a deich – Fadhbanna sóisialta ag cur isteach ar daoine óga
Pictiúr a cúig
Cuirtear in iúl dúinn go bhfuil fadhbanna eile ag crá daoine óga na tíre seo.
Feicimid daoine atá dífhostaithe agus iad i scuaine taobh amuigh den Oifig Leasa Shóisialaigh.
Tá atmaisféar an-dorcha le braistint ón bpictúir seo.
Feicimid daoine óga ag dul imirce toisc nach bhfuil dóthain post.
Ceisteanna an Iarrthóra:
An gceapann tú go bhfuil na déagoirí buartha faoin gclár nuachta seo?
An dóigh leat go bhfuil siad ag obair go dian dícheallach sa tríú pictiúr?
Cén dóchas atá ar na daoine óga seo sa phictiúr deireanach?