Frage | Antworten |
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Pictiúr a haon . Feicimid fógra atá ar crocadh ar an mballa. • Cuireann an fórga in iúl go bhfuil Coláiste Phádraig chun Grúpa Ceoil Traidisiúnta a chur ar bun. • Cleachtadh ag am lóin agus tar éis am scoile chuile Luan agus Céadaoin. • Deis iontach é seo do na daltaí a bhfuil spéis acu sa cheol traidisiúnta. |
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Pictiúr a dó
• Feicimid an grúpa agus iad i mbun cleachtaidh.
• Ceathrar atá sa ghrúpa, beirt bhuachaillí agus beirt chailíní.
• Tá beirt ann a sheineann an fhidil, duine eile a sheineann an fhéadóg stáin agus tá duine eile ar an bhflúit.
• Tá múinteoir ann freisin agus an grúpa á stiúradh aige.
• Tá siad an-díograiseach faoin gceol mar a cúig a chlog tráthnóna an t-am atá ann
Image:
trad_music (image/jpg)
|
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Pictiúr a trí
• Feicimid cailín ón ngrúpa agus í ag cleachtadh ina haonar.
• Cuireann sí fúithi port nua a fhoghlaim don lá ina dhiaidh sin.
• Tá an chuma uirthi go bhfuil a seacht ndícheall á ndéanamh aici.
• Is duine thar a bheith díograiseach agus dícheallach í.
Image:
flute (image/jpg)
|
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Pictiúr a ceathair
• Tugtar le fios dúinn go bhfuil an grúpa tar éis páirt a ghlacadh i gcúpla fleá ceoil.
• Bhí iomaíocht ghéar sna comórtais ag na fleánna sin.
• Ar dtús bíonn an bua ag an ngrúpa ó Choláiste Phádraig i bhFleá an Chontae.
• Ina dhiaidh sin bíonn an bua acu i bhFleá an Chúige.
Image:
fleadh_ceoil (image/jpg)
|
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Pictiúr a cúig
• Téann ceoltóirí Choláiste Phádraig ar aghaidh go Fleá Cheoil na hÉireann mar thoradh ar an mbua a bhí acu i bhFleá an Chúige
• Tá Fleá Cheoil na hÉireann ar siúl i Leitir Ceannain agus tá an baile lán go poll an phaidrín.
• Tá lucht leanúna féin ag Grúpa Ceoil Choláiste Phádraig.
• Tá sceitimíní ar chuile dhuine agus atmaisféar leictreach ag an gceolchoirm.
Image:
fleadh (image/jpg)
|
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Pictiúr a sé
• Buann Grúpa Ceoil Choláiste Phádraig Fleá Cheoil na hÉireann.
• Eagraítear ceiliúradh speisialta in onóir éacht stairiúil an ghrúpa.
• Moltar an obair dhian a rinne siad agus an comhoibriú ar fad.
• Tá chuile dhuine i bpobal na scoile an-bródúil go deo astu.
• Mar a deir an seanfhocal ‘cleachtadh a dhéanann máistreacht’.
Image:
celebrate (image/jpg)
|
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Ceisteanna an Iarrthóra: 1) Cé mhéad duine atá sa ghrúpa? 2) Cén t-am atá ar an gclog i bpictiúr a dó? 3) Déan cur síos ar na moltóirí atá le feiceáil i bpictiúr a ceathair? | Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh. Ceisteanna an Scrúdaitheora: 1) Sa chéad phictiúr cá bhfuil an fógra le feiceáil ? 2) Cén saghas daoine iad na ceoltóirí seo meas tú? 3) Conas a mhothaíonn pobal na scoile faoin ngrúpa seo? |
Möchten Sie mit GoConqr kostenlos Ihre eigenen Karteikarten erstellen? Mehr erfahren.