Created by Caroline Allen
about 11 years ago
|
||
An Gnáthrud Tá a lán daoine sa bheár. Tá Jimmy ag machnamh ar a bhean agus ar a pháistí sa bhaile. Tá mac cadránta 4 bliana d'aois aige agus cúpla. Ní maith leis bheith sa bheár b'fhearr leis bheith sa bhaile. Tá daoine sa bheár an t-am ar fad agus ní thuigeann Jimmy é seo. Dar leis, ní foláir ach go mbíonn saol uafásach acu sa bhaile, gan aon amhras. Bíonn Jimmy ag obair ar láthair thógála. Tá a chara, Billy sa bheár freisin agus bíonn sé ag obair leis ar an láthair thógála. Is seanathair é Billy agus tá garmhac nua aige. Bhí Billy ar meisce ar an láthair thógála agus shábháil Jimmy a jab dó nuair a gheall sé don saoiste go gcoimeádfadh sé súil ar obair Billy. Fear atá ábalta obair chrua dhéanamh is ea Jimmy. Cheannaigh sé teach ón Housing Executive ar 4,000 punt. Bhí an teach ina bhallóg nuair a cheannaigh sé é. Ach rinne sé féin agus a bhean Sarah teach álainn gleoite de. Ar a bhealach abhaile, téann Jimmy isteach sa Jasmine Palace. Fear fial atá i Jimmy mar tugann sé airgead do na déagóirí sa bhialann ‘Béile Amach’ agus tá sé go cineálta le Liz nuair a deir sé rud éigin místuama léi. Téann Jimmy abhaile de chois agus tá sé ag machnamh ar Sarah agus ar na páistí. Ní fheiceann Jimmy an carr ciúin lena soilse múchta ag teacht taobh thiar de. Go tobann, scaoiltear urchar agus titeann Jimmy bocht ar an talamh marbh.
New Page
Want to create your own Notes for free with GoConqr? Learn more.