Created by dgraham3719
about 10 years ago
|
||
Sraith a hocht – Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile
Pictiúr a haon
•feictear triúr daltaí agus múinteoir sa seomra eacnamaíocht bhaile.
•tá na daltaí ag cócaireacht.
•is léir go bhfuil an múinteoir ag coinneáil súil ghéar orthu agus ag tabhairt lámh chúnta dóibh.
•tá deatach nó b’fhéidir gal ag teacht ón bhfriochtán atá ar an gcócaireán.
Sraith a hocht – Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile
Pictiúr a trí
•is léir go ndéanann an múinteoir an cinneadh an t-aláram dóiteáin a shéideadh.
•briseann sí an gloine sa bhosca atá ar an mballa agus brúnn sí an cnaipe.
•cloistear an t-aláram ag bualadh ansin.
•feictear domsa go bhfuil an cinneadh ceart déanta aici mar ní féidir seans a thógáil i gcásanna mar seo.
Sraith a hocht – Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile
Pictiúr a cúig
•tugann an cúigiú pictiúr léargas dúinn ar a bhfuil ar siúl laistigh sa seomra eacnamaíocht bhaile.
•feicimid go bhfuil beirt bhuachaillí ann agus iad ag múchadh na tine.
•tá an chuma orthu go bhfuil an rud ceart á dhéanamh acu.
*úsáideann siad na múchtóirí dóiteáin chun an tine a mhúchadh.
Ceisteanna an Iarrthóra
1) Cé mhéad duine atá le feiceáil sa chéad phictiúr?
2) Déan cur síos ar an múinteoir atá le feiceáil sa chéad phictiúr?
3) Ar éirigh leis an múinteoir an éigeandáil seo a láimhseáil i gceart meas tú?