Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Pictiúr a haon
. Feicimid fógra atá ar crocadh ar an mballa.
• Cuireann an fórga in iúl go bhfuil Coláiste Phádraig chun Grúpa Ceoil Traidisiúnta a chur ar bun.
• Cleachtadh ag am lóin agus tar éis am scoile chuile Luan agus Céadaoin.
• Deis iontach é seo do na daltaí a bhfuil spéis acu sa cheol traidisiúnta.
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Pictiúr a trí
• Feicimid cailín ón ngrúpa agus í ag cleachtadh ina haonar.
• Cuireann sí fúithi port nua a fhoghlaim don lá ina dhiaidh sin.
• Tá an chuma uirthi go bhfuil a seacht ndícheall á ndéanamh aici.
• Is duine thar a bheith díograiseach agus dícheallach í.
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Pictiúr a cúig
• Téann ceoltóirí Choláiste Phádraig ar aghaidh go Fleá Cheoil na hÉireann mar thoradh ar an mbua a bhí acu i bhFleá an Chúige
• Tá Fleá Cheoil na hÉireann ar siúl i Leitir Ceannain agus tá an baile lán go poll an phaidrín.
• Tá lucht leanúna féin ag Grúpa Ceoil Choláiste Phádraig.
• Tá sceitimíní ar chuile dhuine agus atmaisféar leictreach ag an gceolchoirm.
Sraith a seacht – Mo cheol thú! Mo cheol sibh.
Ceisteanna an Iarrthóra:
1) Cé mhéad duine atá sa ghrúpa?
2) Cén t-am atá ar an gclog i bpictiúr a dó?
3) Déan cur síos ar na moltóirí atá le feiceáil i bpictiúr a ceathair?