Created by adam.corcoran
about 10 years ago
|
||
Sraith a Sé-
An Ghaeilge-Seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr
Pictiúr a haon
*Is léir go bhfuil sladmhargadh ar siúl sa siopa ceoil.
*Dealraíonn sé go bhfuil ríméad an domhain ar an mbuachaill
*Deir an cailín go bhfuil sí sona sasta an Ghaeilge a fheiceáil.
*Is fíor go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach dár n-oidhreacht.
Sraith a Sé-
An Ghaeilge-Seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr
Pictiúr a trí
*Tá trí chuid den tsraith seo.
*Sa chéad chuid feicimid triúr, beirt bhuachaillí agus cailín amháin agus iad ag labhairt le chéile.
*Sa dara cuid tá an céilí faoi lánseol agus feicimid buachaill agus cailín ag rince le chéile.
*Sa tríú cuid is léir go bhfuil na buachaillí agus na cailíní ag imirt eitpheile ar an trá.
*Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
*Baineann na daoine óga seo an-taitneamh go deo as an tréimhse a chaitheann siad sa Ghaeltacht.
Sraith a Sé-
An Ghaeilge-Seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr
Pictiúr a cúig
*Tá an buachaill ag éisteacht leis an raidió ar a fhón póca.
*Dealraíonn sé go bhfuil sé ag úsáid aip soghluaiste RTÉ chun éisteacht le Raidió na Gaeltachta.
*Sa dara leath den tsraith seo, tá bheirt bhuachaillí ag breathnú ar TG4
*Deir duine de na buachaillí gur fiú go mór é bheith ag féachaint ar TG4.
Sraith a Sé-
An Ghaeilge-Seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr
Ceisteanna an Iarrthóra:
1. Sa chéad phictiur tá fógra ar crochadh ar an doras, cad a deir an fógra seo?
2. Sa dara leath den tríú pictiúr, cén spórt atá á imirt ag na daoine ar an trá?
3. Cé mhéad duine atá le feicéail sa cheathrú phictiúr?