Created by kdtreacy96
about 10 years ago
|
||
Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc
Pictiúr a haon
*feictear cailín ag léamh téacs ar a fón póca.
* Tá sí ina suí sa chistin agus níl cíos cás ná cathú uirthi.
* Faigheann sí téacsteachtaireacht ó chara léi a thugann cuireadh di dul isteach sa chathair .
* Tá an t-ádh dearg uirthi
Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc
Pictiúr a Trí
*Tá an aimsir i gCathair Bhaile Átha Cliath gach pioc chomh deas is atá sé ag staisiún na traenach.
* Tá Sráid Uí Chonaill plódaithe le daoine.
* Sa dara leath den phictiúr seo feicimid brainse de Bhanc na hÉireann.
* Aisteach go leor tá an chuma ar an scéal nach bhfuil éinne eile ar an tsráid.
Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc
Pictiúr a Cúig
*Tagann na Gardaí Síochána ar an láthair.
*Tosaíonn tréanbhabhta lámhaigh ansin.
*Faigheann na Gardaí an lámh in uachtar ar na gadaithe ar deireadh.
* Éiríonn leis na Gardaí an t-airgead a fháil ar ais agus cuireann siad na gadaithe faoi ghabháil.
Ceisteanna an iarrthóra:
1. Cén saghas aimsire atá ann sna pictiúir seo?
2. Ag breathnú ar an bpictiúr deireanach, céard a thugtar ar an rud atá á chaitheamh ag an mbreitheamh ar a cheann? (bréagfholt nó peiriúic)
3. Ag breathnú ar an bpictiúr deireanach arís, céard a thugtar ar an rud atá i lámh an bhreithimh? (gabhal)