Sraith Pictiúr 11 (AT 2015)

Descripción

Fichas sobre Sraith Pictiúr 11 (AT 2015), creado por kdtreacy96 el 24/09/2014.
kdtreacy96
Fichas por kdtreacy96, actualizado hace más de 1 año
kdtreacy96
Creado por kdtreacy96 hace alrededor de 10 años
248
0

Resumen del Recurso

Pregunta Respuesta
Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc Pictiúr a haon *feictear cailín ag léamh téacs ar a fón póca. * Tá sí ina suí sa chistin agus níl cíos cás ná cathú uirthi. * Faigheann sí téacsteachtaireacht ó chara léi a thugann cuireadh di dul isteach sa chathair . * Tá an t-ádh dearg uirthi Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc Pictiúr a Dó * Tá an bheirt chailíní i stáisiún na traenach. * Ceannaíonn siad dhá thicéad chun dul go Cathair Bhaile Átha Cliath. * Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch. * Tá bean eile ag fanacht ar an traein.
Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc Pictiúr a Trí *Tá an aimsir i gCathair Bhaile Átha Cliath gach pioc chomh deas is atá sé ag staisiún na traenach. * Tá Sráid Uí Chonaill plódaithe le daoine. * Sa dara leath den phictiúr seo feicimid brainse de Bhanc na hÉireann. * Aisteach go leor tá an chuma ar an scéal nach bhfuil éinne eile ar an tsráid. Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc Pictiúr a Ceathair * Ritheann beirt ghadaithe amach as an mbanc. * Tá eadaí dubha agus blaclávaí á gcaitheamh ag na gadaithe agus tá gunnaí ina lámha acu. * Dealraíonn sé go bhfuil siad tar éis suim mhór airgid a ghoideadh ón mbanc. * Mar a mbéifeá ag súil leis tá na cailíní bochta scanraithe as a gcraiceann.
Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc Pictiúr a Cúig *Tagann na Gardaí Síochána ar an láthair. *Tosaíonn tréanbhabhta lámhaigh ansin. *Faigheann na Gardaí an lámh in uachtar ar na gadaithe ar deireadh. * Éiríonn leis na Gardaí an t-airgead a fháil ar ais agus cuireann siad na gadaithe faoi ghabháil. Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc Pictiúr a Sé *Tá na cailíní ar a suaimhneas arís mar gheall ar chrógacht na nGardaí Síochána. * Croitheann siad lámh leis na Gardaí agus gabhann siad buíochas ó chroí leo. * Sa dara leath den phictiúr deireanach feicimid na gadaithe os comhair na cúirte. * Tá an bheirt ghadaithe seo ciontach as an mbanc a robáil. * Níl trua ar bith agam féin dóibh áfach * Mar a deir an seanfhocal ‘filleann an feall ar an bhfeallaire’.
Ceisteanna an iarrthóra: 1. Cén saghas aimsire atá ann sna pictiúir seo? 2. Ag breathnú ar an bpictiúr deireanach, céard a thugtar ar an rud atá á chaitheamh ag an mbreitheamh ar a cheann? (bréagfholt nó peiriúic) 3. Ag breathnú ar an bpictiúr deireanach arís, céard a thugtar ar an rud atá i lámh an bhreithimh? (gabhal) Ceisteanna an Scrúdaitheora: 1. Cén saghas daoine iad na gadaithe meas tú? 2. Cén saghas daoine iad na Gardaí meas tú? 3. Cén saghas duine é an breitheamh meas tú?
Mostrar resumen completo Ocultar resumen completo

Similar

Historia Argentina
Nicolas Ñancucheo
PERSONAJES...
JL Cadenas
Julio Cortázar
crisferroeldeluna
Deeper Learning
Maya V.
Marketing Digital
Diego Santos
MAPA MENTAL DIBUJO DE INGENIERIA
mechas.24
Matematicas exanii-ii
Monica Sanchez8667
PSICOLOGIA ORGANIZACIONAL
Claudia Elena Sepúlveda Roldán
Web 2.0 and other emerging technologies applied to research
patricia sarria
EL IMPERIALISMO
andrea acosta
USO DE HERRAMIENTAS DE DISEÑO AUTOCAD
mart cruzz