Creado por Eoghan Mc Dermott
hace alrededor de 10 años
|
||
Pregunta | Respuesta |
Sraith a dó – Imreoir Gortaithe
Pictiúr a haon
-Feictear dhá fhoireann ag imirt iomána.
-Tá an cluiche idir Scoil éigin agus Coláiste éigin.
-Tá an Scoil ag buachaint.
-Tá an áit dubh le daoine agus déarfainn go bhfuil an t-atmaisféar leictreach.
Image:
1 (image/jpg)
|
Sraith a dó – Imreoir Gortaithe
Pictiúr a dó
-Gortaítear imreoir amháin.
-Séideann an réiteoir an fheadóg agus ritheann an bainisteoir amach ar an bpáirc.
-Níl an t-imreoir in ann éirí ón talamh.
-Tagann beirt fhear amach chun é a iompar ón bpáirc ar shínteán.
Image:
2 (image/jpg)
|
Sraith a dó - Imreoir Gortaithe
Pictiúr a trí
-Tugtar an t-imreoir go dtí an t-ospidéal.
-Sroicheann siad an t-ospidéal ag a trí a chlog.
-Tá scata daoine eile ann ag fanacht ar an dochtúir.
-Déarfainn go bhfuil an t-imreoir ag fulaingt go mór mar gheall ar an bpian.
Image:
3 (image/jpg)
|
Sraith a ceathair - Imreoir Gortaithe
Pictiúr a ceathair
-Dealraíonn sé go bhfuil orthu fanacht ar feadh dhá uair an chloig.
- Tá an bainisteoir ar deargbhuile.
-Is léir go bhfuil an t-imreoir cráite leis an bpian.
-Tagann an bhanaltra ar deireadh chun sonraí an imreora a thógáil.
Image:
4 (image/jpg)
|
Sraith a dó - Imreoir Gortaithe
Pictiúr a cúig
-Feictear an t-imreoir in oifig an dochtúra.
-Tá plástar mór ar chos an imreora.
-Deir an dochtúir leis an imreoir go bhfuil a chos briste.
-Tá air sos fada a thógáil ón imirt.
Image:
5 (image/jpg)
|
Sraith a dó - Imreoir Gortaithe
Pictiúr a sé
-Feicimid an t-imreoir ina shuí ar bhínse ag cluiche.
-Deir sé lena chairde nach bhfuil cead aige dul ar ais ag imirt go ceann cúig mhí.
-Tá sé ag ceapadh go mbeidh air tosú ar an bhficheall a imirt.
-Déarfainn go bhfuil frustrachas mór air, ach mar a deir an seanfhocal ‘bíonn cros le hiompar ag gach duine’.
Image:
6 (image/jpg)
|
Sraith a dó - Imreoir Gortaithe Ceisteanna an Iarrthóra: 1) An bhfuil mórán daoine ag féachaint ar an gcluiche? 2) Cén t-am a shroicheann siad an t-ospidéal? 3) Cad a léiríonn an x-gháthú? | Sraith a dó - Imreoir Gortaithe Ceisteanna an Scrúdaitheora: 1) Cé mhéad duine atá ag fanacht sa seomra feithimh? 2) Cén t-am a thagann an bhanaltra chun féachaint ar an imreoir? 3) An gceapann tú go bhfuil áthas ar an imreoir ag an deireadh? |
¿Quieres crear tus propias Fichas gratiscon GoConqr? Más información.