Criado por kdtreacy96
aproximadamente 10 anos atrás
|
||
Questão | Responda |
Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc Pictiúr a haon *feictear cailín ag léamh téacs ar a fón póca. * Tá sí ina suí sa chistin agus níl cíos cás ná cathú uirthi. * Faigheann sí téacsteachtaireacht ó chara léi a thugann cuireadh di dul isteach sa chathair . * Tá an t-ádh dearg uirthi | Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc Pictiúr a Dó * Tá an bheirt chailíní i stáisiún na traenach. * Ceannaíonn siad dhá thicéad chun dul go Cathair Bhaile Átha Cliath. * Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch. * Tá bean eile ag fanacht ar an traein. |
Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc Pictiúr a Trí *Tá an aimsir i gCathair Bhaile Átha Cliath gach pioc chomh deas is atá sé ag staisiún na traenach. * Tá Sráid Uí Chonaill plódaithe le daoine. * Sa dara leath den phictiúr seo feicimid brainse de Bhanc na hÉireann. * Aisteach go leor tá an chuma ar an scéal nach bhfuil éinne eile ar an tsráid. | Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc Pictiúr a Ceathair * Ritheann beirt ghadaithe amach as an mbanc. * Tá eadaí dubha agus blaclávaí á gcaitheamh ag na gadaithe agus tá gunnaí ina lámha acu. * Dealraíonn sé go bhfuil siad tar éis suim mhór airgid a ghoideadh ón mbanc. * Mar a mbéifeá ag súil leis tá na cailíní bochta scanraithe as a gcraiceann. |
Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc Pictiúr a Cúig *Tagann na Gardaí Síochána ar an láthair. *Tosaíonn tréanbhabhta lámhaigh ansin. *Faigheann na Gardaí an lámh in uachtar ar na gadaithe ar deireadh. * Éiríonn leis na Gardaí an t-airgead a fháil ar ais agus cuireann siad na gadaithe faoi ghabháil. | Sraith a hAon Déag – Robáil Bainc Pictiúr a Sé *Tá na cailíní ar a suaimhneas arís mar gheall ar chrógacht na nGardaí Síochána. * Croitheann siad lámh leis na Gardaí agus gabhann siad buíochas ó chroí leo. * Sa dara leath den phictiúr deireanach feicimid na gadaithe os comhair na cúirte. * Tá an bheirt ghadaithe seo ciontach as an mbanc a robáil. * Níl trua ar bith agam féin dóibh áfach * Mar a deir an seanfhocal ‘filleann an feall ar an bhfeallaire’. |
Ceisteanna an iarrthóra: 1. Cén saghas aimsire atá ann sna pictiúir seo? 2. Ag breathnú ar an bpictiúr deireanach, céard a thugtar ar an rud atá á chaitheamh ag an mbreitheamh ar a cheann? (bréagfholt nó peiriúic) 3. Ag breathnú ar an bpictiúr deireanach arís, céard a thugtar ar an rud atá i lámh an bhreithimh? (gabhal) | Ceisteanna an Scrúdaitheora: 1. Cén saghas daoine iad na gadaithe meas tú? 2. Cén saghas daoine iad na Gardaí meas tú? 3. Cén saghas duine é an breitheamh meas tú? |
Quer criar seus próprios Flashcards gratuitos com GoConqr? Saiba mais.