Criado por Noah Higgs
aproximadamente 11 anos atrás
|
||
An Spailpín Fánach file anaithnid Im spailpín fánach atáim le fada ag seasamh ar mo shláinte, ag siúl an drúchta go moch ar maidin 's ag bailiú galair ráithe ach glacfad fees ó rí na gcroppies, clieth is píc chun sáite 's go brách arís ní ghlaofar m'ainm sa tír seo, an spailpín fánach. Ba mhinic mo thriall go Cluain gheal Meala 's as sin go Tiobraid Árann; i gCarraig na Siúire thíos do ghearrainn cúrsa leathan láidir i gCallainn go dlúth 's mo shúiste im ghlaic ag dul chun tosaigh ceard leo 's nuair théim do Durlas 's é siúd bhíonn agam - 'Sin chúi'bh an spailpín fánach!' Go deo arís ní raghad go Caiseal ag díol ná ag reic mo shlaínte ná ar mhargadh na saoire im shuí cois bhalla, im scaoinse ar leataoibh sráide bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapaill á fhiafraí an bhfuilim hireálta: 'téanam chun siúil, tá an cúrsa fada' - siúd siúl ar an spailpín fánach.
New Page
Quer criar suas próprias Notas gratuitas com a GoConqr? Saiba mais.