Sraith Pictiúr 19 (AT 2015)

Beschreibung

Leaving Cert BT - Nótaí ar na Sraitheanna Karteikarten am Sraith Pictiúr 19 (AT 2015), erstellt von gaeilgebenildus am 24/09/2014.
gaeilgebenildus
Karteikarten von gaeilgebenildus, aktualisiert more than 1 year ago
gaeilgebenildus
Erstellt von gaeilgebenildus vor etwa 10 Jahre
290
0

Zusammenfassung der Ressource

Frage Antworten
Sraith 19 - Sláinte na nÓg Pictiúr a hAon *feictear príomhoide na scoile agus í ag caint leis na daltaí ar an gcallaire. *tugaim faoi deara go bhfuil sé leathuair tar éis a deich . *tá Seachtain na Sláinte faoi chaibidil. Déarfainn go bhfuil an príomhoide tabhairt moltaí do na daltaí. Sraith 19 - Sláinte na nÓg Pictiúr a Dó *tá dhá chuid ag an dara pictiúr. *sa chéad leath fecimid cluiche sacair idir na daltaí agus na múinteoirí. *tá an chuma orthu go bhfuil siad ag baint idir thaitneamh agus tairbhe as an gcluiche. *sa dara leath den phictiúr feictear domsa go bhfuil rang aclaíochta éigin ar siúl sa halla spóirt.
Sraith 19 - Sláinte na nÓg Pictiúr a Trí *Tá dhá leath den tríú pictiúr chomh maith. *Feicimid na daltaí ag fanacht go foighneach i scuaine i mbialann na scoile. *Tá bia sláintiúil ar fáil dóibh agus rogha acu idir úlla, íogairt agus arán donn tí. *Sa dara leath den phictiúr seo tá bia míshláintiúil á ithe ag buachaill éigin. *Tá buirgéir, sceallóga agus deoch súilíneach geall le cóla aige. Sraith 19 - Sláinte na nÓg Pictiúr a Ceathair *eagraítear siúlóid urraithe chun airgead a bhailiú i gcomhair trealamh spóirt nua don scoil. *Dealraíonn sé go bhfuil lá álainn ann agus buíochas mór le Dia, tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch. *Ón gcuma atá orthu déarfainn gur daoine aclaí sláintiúla iad na daoine seo.
Sraith 19 - Sláinte na nÓg Pictiúr a Cúig *tá príomhoide na scoile ag caint os comhair scata buachaillí agus cailíní. *tá na fadhbanna atá ag daoine óga ar na saolta seo á bplé acu. *An comhairle a chuireann sí ar na daltaí ná má bhíonn fadhbanna ar bith acu go gcaithfidh siad ‘labhairt le duine éigin’ *Mar a deir an seanfhocal ‘Aithnítear cara i gcruatan’. Sraith 19 - Sláinte na nÓg Pictiúr a Sé *feictear príomhoide na scoile agus í ag caint leis na daltaí ar an gcallaire arís. *Is léir ón méid atá le feicéail sa phictiúr seo gur éirigh go seoigh le Seachtain na Sláinte sa scoil. *Deir an príomhoide go bhfuil sí fíorbhuíoch de chuile dhuine a ghlac páirt sna himeachtaí mar go raibh seachtain den scoth acu *mar a deir an seanfhocal ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’
Sraith 19 - Sláinte na nÓg Ceisteanna an Iarrthóra: 1. Cén spórt atá á imirt sa dara pictiúr? 2. Cén t-am é sa phictiúr deireanach? 3. Cad atá á ithe ag an mbuachaill sa tríú pictiúr? Sraith 19 - Sláinte na nÓg Ceisteanna an Scrúdaitheora: 1. Sa chéad phictiúr cé atá ag caint ar an gcallaire? 2. Sa cheathrú pictiúr cad atá á dhéanamh ag na daltaí? 3. Sa chúigiú pictiúr cén comhairle a chuireann an cainteoir ar na daltaí?
Zusammenfassung anzeigen Zusammenfassung ausblenden

ähnlicher Inhalt

Der menschliche Körper
JohannesK
2 C Entwicklungspsychologie März 2012
petra.drewitz
Deutsch Partizip Perfekt - unregelmäßige Verben
Claus Lenz
Vertragsrecht - Multiple-Choice-Test
Maximilian Mustermann
GPSY ALPS (Lösung während dem bearbeiten sichtbar)
Mischa Kräutli
Vetie Immunologie Altfragen
Rebecca Bindewald
Vetie Viro 2017
sylva Heise
Vetie Para Morphologie Entomologie
Kristin E
Vetie - Fleisch 2019
Fioras Hu
Vetie Spezielle Pathologie 2022
Alessandro Bertino