Created by gaeilgebenildus
about 10 years ago
|
||
Question | Answer |
Sraith 19 - Sláinte na nÓg
Pictiúr a hAon
*feictear príomhoide na scoile agus í ag caint leis na daltaí ar an gcallaire.
*tugaim faoi deara go bhfuil sé leathuair tar éis a deich .
*tá Seachtain na Sláinte faoi chaibidil.
Déarfainn go bhfuil an príomhoide tabhairt moltaí do na daltaí.
Image:
image (image/jpg)
|
Sraith 19 - Sláinte na nÓg
Pictiúr a Dó
*tá dhá chuid ag an dara pictiúr.
*sa chéad leath fecimid cluiche sacair idir na daltaí agus na múinteoirí.
*tá an chuma orthu go bhfuil siad ag baint idir thaitneamh agus tairbhe as an gcluiche.
*sa dara leath den phictiúr feictear domsa go bhfuil rang aclaíochta éigin ar siúl sa halla spóirt.
Image:
image (image/jpg)
|
Sraith 19 - Sláinte na nÓg
Pictiúr a Trí
*Tá dhá leath den tríú pictiúr chomh maith.
*Feicimid na daltaí ag fanacht go foighneach i scuaine i mbialann na scoile.
*Tá bia sláintiúil ar fáil dóibh agus rogha acu idir úlla, íogairt agus arán donn tí.
*Sa dara leath den phictiúr seo tá bia míshláintiúil á ithe ag buachaill éigin.
*Tá buirgéir, sceallóga agus deoch súilíneach geall le cóla aige.
Image:
Healthy_Food (image/jpg)
|
Sraith 19 - Sláinte na nÓg
Pictiúr a Ceathair
*eagraítear siúlóid urraithe chun airgead a bhailiú i gcomhair trealamh spóirt nua don scoil.
*Dealraíonn sé go bhfuil lá álainn ann agus buíochas mór le Dia, tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
*Ón gcuma atá orthu déarfainn gur daoine aclaí sláintiúla iad na daoine seo.
Image:
image (image/jpg)
|
Sraith 19 - Sláinte na nÓg
Pictiúr a Cúig
*tá príomhoide na scoile ag caint os comhair scata buachaillí agus cailíní.
*tá na fadhbanna atá ag daoine óga ar na saolta seo á bplé acu.
*An comhairle a chuireann sí ar na daltaí ná má bhíonn fadhbanna ar bith acu go gcaithfidh siad ‘labhairt le duine éigin’
*Mar a deir an seanfhocal ‘Aithnítear cara i gcruatan’.
Image:
image (image/jpg)
|
Sraith 19 - Sláinte na nÓg
Pictiúr a Sé
*feictear príomhoide na scoile agus í ag caint leis na daltaí ar an gcallaire arís.
*Is léir ón méid atá le feicéail sa phictiúr seo gur éirigh go seoigh le Seachtain na Sláinte sa scoil.
*Deir an príomhoide go bhfuil sí fíorbhuíoch de chuile dhuine a ghlac páirt sna himeachtaí mar go raibh seachtain den scoth acu
*mar a deir an seanfhocal ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’
Image:
image (image/jpg)
|
Sraith 19 - Sláinte na nÓg Ceisteanna an Iarrthóra: 1. Cén spórt atá á imirt sa dara pictiúr? 2. Cén t-am é sa phictiúr deireanach? 3. Cad atá á ithe ag an mbuachaill sa tríú pictiúr? | Sraith 19 - Sláinte na nÓg Ceisteanna an Scrúdaitheora: 1. Sa chéad phictiúr cé atá ag caint ar an gcallaire? 2. Sa cheathrú pictiúr cad atá á dhéanamh ag na daltaí? 3. Sa chúigiú pictiúr cén comhairle a chuireann an cainteoir ar na daltaí? |
Want to create your own Flashcards for free with GoConqr? Learn more.